SAN PATRICIO EN MÁLAGA | Roger Cummiskey breitling oidhreacht thar lear

SAN PATRICIO EN MÁLAGA



2017

Get outa my garden [Ireland]

Ya slithery snakes Ya!

St Patrick 2017. Get outa my garden Ya slithery snakes Ya!

 

2016 Activities.

Beannachtai La le Padraigh!

So on this special occasion, I want to wish you a Happy Patrick’s Day, enjoy the brief verse, and be modest with the booze!

St. Patrick was a gentleman
Who through strategy and stealth
Drove all the snakes from Ireland.
Here’s toasting to his health !
But not too many toastings
lest you lose yourself and then
Forget the good Saint Patrick
And see all those snakes agai sgrmtedv. cartier falsan!!

paddys day Benalmadena Paddys day Madrid Paddys day Marbella 2016

-Potpourri (1)

Strickers bar Fuengirola

 

thumb_IMG_4316_1024

 

Screen Shot 2013-03-04 at 20.50.08

 

 

Welcome to Paddy’s week 2013, departing @ 1200 hours.

Brace yourself, pace yourself, learn new things & most of all enjoy yourself…

Good Luck!
カルティエパシャC
copie oméga montres
Картье Panthere часы

Daoine a Rugadh thar Lear: Saoránacht le hOidhreacht – Ceisteanna Coitianta

  • Cad atá i gceist le Clárú Breitheanna Coigríche?
  • Ceisteanna ginearálta
  • Foirm Iarratais
  • Cáipéisí riachtanacha
  • Ceisteanna eile

Cad atá i gceist le Clárú Breitheanna Coigríche?

I gcás duine a rugadh lasmuigh d'oileán na hÉireann, agus ar lasmuigh den oileán freisin a rugadh an tuismitheoir óna bhfaighfear an tsaoránacht Éireannach le hoidhreacht, ní mór é nó í a bheith cláraithe ar an gClár Breitheanna Coigríche ionas gur féidir leis nó léi saoránacht Éireannach a fháil.

Nuair a chuirtear ainm duine ar Chlár na mBreitheanna Coigríche is saoránach Éireannach é nó í agus bíonn sé nó sí i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar Chlárú Breithe Coigríche?

Daoine a bhfuil seantuismitheoir acu a rugadh in Éirinn

Más rud é gur rugadh do sheantuismitheoir ar oileán na hÉireann agus gur rugadh do thuismitheoir lasmuigh d'Éirinn, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh chun d'ainm a chur ar Chlár na mBreitheanna Coigríche. Is féidir eolas níos mionsonraithe maidir le conas iarratas a dhéanamh agus an méid atá ag teastáil a fháil anseo ar an leathanach Breith Choigríche a Chlárú.

Daoine a bhfuil seantuismitheoir acu a rugadh lasmuigh d'Éirinn, ach ar saoránach Éireannach é nó í duine dá dtuismitheoirí

Má rinneadh saoránach Éireannach de dhuine de do thuismitheoirí trí Chlárú Breithe Coigríche nó trí Eadóirseacht sular rugadh thú agus más lasmuigh d'Éirinn a rugadh thú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chlárú Breithe Coigríche.

Ceisteanna ginearálta

Cén t-achar ama a thógfaidh sé m'iarratas a phróiseáil?

Faoi láthair tógann sé tuairim is 6 mhí iarratas comhlánaithe ar Chlárú Breithe Coigríche a phróiseáil.

An bhfuair sibh an t-iarratas agus na cáipéisí uaim? 

Ní admhaímid go bhfuarthas iarratais/cáipéisí – molaimid duit d'iarratas a sheoladh trí sheirbhís poist thaifeadta ionas gur féidir leat a rianú an bhfuil an pacáiste seachadta ar láithreán gréasáin na Cuideachta Seachadta. 

Cad é stádas m'iarratais faoi láthair?

Thart ar 6 mhí a thógann sé iarratais chomhlánaithe a phróiseáil. Má theastaíonn tuilleadh cáipéisíochta uainn, déanfaimid teagmháil leat. Mura gcloiseann tú uainn, is féidir leat glacadh leis go bhfuil d'iarratas á phróiseáil.

An gcuirfidh sibh gach ceann de mo chuid teastas ar ais chugam?

Cuirfidh. Ag deireadh an phróisis, cuirfimid do chuid teastas bunaidh go léir ar ais chuig an seoladh a thug tú ar d'fhoirm iarratais.

Ar chóir dom clúdach réamhíoctha a sheoladh chun mo cháipéisí a sheoladh ar ais ann?

Níor chóir. Cuirfear do chuid cáipéisí ar ais trí phost taifeadta – beidh ort síniú i gcomhair an phacáiste.

An féidir liom féin m'iarratas a thabhairt chuig an oifig agaibh?

Ní féidir. Níl oifig phoiblí againn. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar an ríomhphost nó ar an bhfón.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach ag an am céanna leis an iarratas ar Chlárú Breithe Coigríche?

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach go dtí go mbeidh tú i do shaoránach Éireannach.

Foirm Iarratais

Cén áit is féidir liom foirm iarratais a fháil?

Tá an fhoirm iarratais ar líne ag https://www.fbr.dfat.ie/eseries/uiid596420830/fbr301.xsp?lang=I agus ansin amháin – níl aon fhoirm iarratais chruachóipe ann.

Cé mhéad a chosnaíonn sé iarratas a dhéanamh?

Is iad na táillí ná €278.00 i gcás daoine atá 18 mbliana nó os a chionn agus €153 i gcás daoine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois – áirítear leis na táillí sin an postas chun do chuid teastas a sheoladh ar ais chugat. Íoctar an táille agus d'fhoirm iarratais á comhlánú ar líne agat.

Cé atá in ann m'iarratas a fhianú?

Tá liosta na ngairmeacha ar féidir leo iarratas a fhianú luaite ar an bhfoirm iarratais.

Cáipéisí riachtanacha

Cé na cáipéisí is gá dom a chur isteach le m'iarratas?

Is féidir liosta na gcáipéisí nach mór duit a chur isteach le d'iarratas a fháil ar an leathanach 'Clárú Breithe Coigríche'.

Rugadh mo sheanathair roimh 1864, nuair a cuireadh tús le clárúcháin bhreithe shibhialta na hÉireann – cad iad na cáipéisí eile is féidir liom a sholáthar?

Is féidir linn glacadh le Teastas Baiste do sheantuismitheoirí sa chás sin.

Uchtaíodh mo thuismitheoir/seantuismitheoir – cé na cáipéisí breise is gá dom a sholáthar?

I gcás duine a rugadh in Éirinn agus a uchtaíodh: beidh teastas uchtaithe uainn, a d'eisigh an t-údarás láir sa tír ina ndearnadh an t-uchtú, chomh maith leis na cáipéisí eile atá ag teastáil (lena n-áirítear an leagan fada den teastas breithe bunaidh Éireannach).

Má tá iarratas á dhéanamh agat trí sheantuismitheoir nó tuismitheoir uchtála, agus ní trí ghaol bitheolaíoch, b'fhéidir gur mhaith leat teagmháil dhíreach a dhéanamh linn. 

Ceisteanna eile

Rugadh mo sheanathair in Éirinn ach níl Pas Éireannach ag ceachtar de mo thuismitheoirí. An bhfuil mé i dteideal iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach?

Tá. Is féidir le haon duine a bhfuil seantuismitheoir aige nó aici a rugadh ar oileán na hÉireann iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach trí Chlárú Breitheanna Coigríche.

Tá saoránacht Éireannach agam trí Chlárú Breitheanna Coigríche. An féidir mo leanaí a chlárú anois mar shaoránaigh Éireannacha?

Más rud é gur rugadh do leanaí tar éis gur cuireadh d'ainm ar Chlár na mBreitheanna Coigríche, tá siadsan i dteideal iarratas a dhéanamh ar a n-ainmneacha a chur leis an gclár.

Más sular cláraíodh thú a rugadh do leanaí, níl siad i dteideal iarratas a dhéanamh ós rud é nár shaoránach Éireannach a bhí ionat tráth a mbreithe.

Is saoránach Éireannach mé a bhfuil cónaí orm thar lear. An féidir liom cruthúnas ar shaoránacht Éireannach a fháil?

Is cruthúnas ar do shaoránacht Éireannach é an pas Éireannach. Tá sonraí faoi conas pas a fháil agus cónaí ort thar lear anseo – https://www.dfa.ie/ie/pasanna-saoranacht/conas-cur-isteach-ar-phas/. Más iarratasóir thú ar Chlárú Breithe Coigríche, beidh ort an Teastas Breithe Coigríche a bheith agat sula ndéanfaidh tú iarratas ar phas.

An féidir le mo dheartháir nó mo dheirfiúr agus liom féin iarratas comhpháirteach a dhéanamh ar Chlárú Breithe Coigríche?

Is féidir libh na páipéir agus na cáipéisí tacaíochta céanna a úsáid don dá iarratas. Níl le déanamh ach an dá fhoirm iarratais ar leithligh a chur isteach i gclúdach amháin agus é a sheoladh chugainn le litir ina gcuirfidh sibh in iúl dúinn go mbaineann roinnt de na cáipéisí leis an dá iarratas. Níl feidhm aige sin ach amháin má tá cónaí oraibh sa tír chéanna agus sibh ag déanamh iarratais.

RTÉ Presspack

Registration Request

Seachtain 14 – Scoth Chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dé Sathairn 31 Márta – Dé hAoine 6 Aibreán 2007

RTÉ Raidió na Gaeltachta Image Name: RTÉ Raidió na Gaeltachta Description: Ardtráthnóna / Oideas & Oidhreacht Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Seosamh Ó Cuaig Image Name: Seosamh Ó Cuaig Description: Séasúr na Faisnéise - Joe Mór Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Connaught Rangers Image Name: Connaught Rangers Description: Séasúr na Faisnéise - Na Connaught Rangers Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Image Name: Máirtín Tom Sheáinín Description: Ardtráthnóna Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.

Sracshúil / At a Glance

• CREIDIM – Cíorann an clár seo cúrsaí creidimh agus cúrsaí an tsaoil agus in eagrán na míosa seo beidh an spioradáltacht dúchais faoi chaibidil ag an Dr Lillis Ó Laoire i gcuideachta Sheosaimh Uí Chuaig.
 
This month’s edition of the programme explores native spirituality.  Seosamh Ó Cuaig is joined by Dr Lillis Ó Laoire who was appointed earlier this year as a lecturer with Scoil na Gaeilge at the National University of Ireland, Galway.

• SIAR IS ANIAR – Sraith cláracha ceoil ina gcaitheann SBB súil siar ar shaothar ceoil na gceoltóirí agus na mbannaí is tábhachtaí in Éirinn agus thar lear le deich mbliana fichead anuas. Anocht: The Smiths

SBB presents this hour long music documentary featuring music greats of the past thirty years or so, Irish and otherwise. Tonight: The Smiths

• SÉASÚR NA FAISNÉISE – NA CONNAUGHT RANGERS  Bunaithe ar cháipéisí cartlainne Arm na Breatainne, insíonn an clár seo scéal na bhfear óg as Conamara a liostáil ar an Rinn Mhór, Gaillimh le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
 
Based on British Army archive material, this documentary tells the story of five young Connemara men who enlisted in the Connaught Rangers during the First World War.

• ARDTRÁTHNÓNA –  Eagrán speisialta den chlár agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu, á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha.

A special edition of the programme to commemorate RTÉ Raidió na Gaeltachta ’s 35 years on air. 

• OIDEAS & OIDHREACHT –  Cloistear léachtaí, léitheoireachtaí filíochta agus imeachtaí cultúrtha ó cheithre chúige na tíre ar an gclár seo.  Craolfar eagrán comórtha den chlár anocht faoi RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu

This culture and heritage series focuses on lectures, poetry readings and other cultural events from all four provinces.  Tonight’s programme commemorates RTÉ Raidió na Gaeltachta who are celebrating 35 years on air today.

• SEARMANAIS NA CÁSCA –  Craolfar searmanas na Páise beo ó Theach Pobail Chríost Rí i nGort a ‘Choirce, Tír Chonaill ag 3pm, Aoine an Chéasta. 

Easter ceremonies will be broadcast live from Teach Pobail Chríost Rí, Gort a ‘Choirce, Tír Chonaill, commencing on Good Friday at 3pm.

_______
CREIDIM
Cíorann an clár seo cúrsaí creidimh agus cúrsaí an tsaoil agus in eagrán na míosa beidh an spioradáltacht dúchais faoi chaibidil.  I gcuideachta Sheosaimh Uí Chuaig ar an gclár, beidh an Dr Lillis Ó Laoire a chuaigh i mbun a chuid dualgas mar léachtóir in Ollscoil na hÉireann na Gaillimhe níos túisce i mbliana.  I measc na gcúrsaí atá á dteagasc ag an Dr Ó Laoire tá cúrsaí ar an seanscéal, an fhinscéal, an mhiotaseolaíocht, reiligiún agus an béaloideas do lucht na chéad bhliana sa tSibhialtacht Cheilteach.  Bíonn sé ag léachtóireacht freisin ar an bhFiannaíocht agus ar litríocht Ghàidhlig na hAlban.      
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Sathairn 31 Márta ag 1.30pm

CREIDIM
This month’s edition of the programme explores native spirituality.  Seosamh Ó Cuaig is joined by Dr Lillis Ó Laoire who was appointed earlier this year as a lecturer with Scoil na Gaeilge at the National University of Ireland, Galway.  Courses taught by Dr Ó Laoire include ancient storytelling, mythology, religion and folklore to first year students of Celtic Civilisation.  He also lectures on the Fenian Cycle and the literature of Scots Gàidhlig.  
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Saturday 31st March at 1.30pm

_____________
SIAR IS ANIAR

Is iad an grúpa mór ó na hochtóidí The Cure a bheas faoi chaibidil i gclár na hoíche anocht den tsraith ina gcaitheann SBB súil siar ar shaothar ceoil na gceoltóirí agus na mbannaí is tábhachtaí in Éirinn agus thar lear le deich mbliana fichead anuas, ina measc The Beatles, Simon & Garfunkel, Motown, The Stone Roses agus go leor eile.  Roghnóidh Seán Bán ceoltóir nó grúpa gach seachtain agus inseofar scéal a saoil agus an chaoi a dtáinig fás agus forbairt ar a gcuid ceoil.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Sathairn, 31 Márta ag 11pm

SIAR IS ANIAR
Eighties band The Cure feature in tonight’s music documentary featuring music greats of the past thirty years or so, Irish and otherwise, including Simon & Garfunkel, Credence Clearwater Revival, The Stone Roses, Motown and much more. The presenter is Seán Bán Breathnach. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Saturday 31st March at 11pm 

____________________________________________
SÉASÚR NA FAISNÉISE – NA CONNAUGHT RANGERS

Bunaithe ar cháipéisí cartlainne Arm na Breatainne, insíonn an clár seo scéal na bhfear óg as Conamara a liostáil ar an Rinn Mhór, Gaillimh le linn an Chéad Chogadh Domhanda. 
Chonaic na fir óga seo crácamas agus cruatan an chogaidh agus ina measc siúd a mbeidh cur síos orthu sa chlár tá John Bradley as Poll Uí Mhuirinn, Leitir Mealláin, Joseph Naughton as Gleannán, Indreabhán, Joseph Folan as Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn, Thomas Conneely as Doire Fhearta, An Cheathrú Rua agus Coleman Walsh as an Sná Bó, Ros Muc.  Tá na fir seo curtha sa bhFrainc, ar an mBruach Thiar sa Phailistín agus in Alexandria na hÉigipte.  Is é an t-iarcheannfort airm Frank Reidy agus Mairéad Uí Chuaig a rinne taighde ar an gclár agus is í Mairéad Ui Chuaig a láithrigh agus a léirigh. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, 1 Aibreán ag 1.10pm

SÉASÚR NA FAISNÉISE – NA CONNAUGHT RANGERS
Based on British Army archive material, this documentary tells the story of five young Connemara men who enlisted in the Connaught Rangers during the First World War.
They are John Bradley, Leitir Mealláin, Joseph Naughton, Indreabhán, Joseph Folan, Inis Mór, Thomas Conneely, An Cheathrú Rua and Coleman Walsh, Ros Muc. 
They served in all parts of the world, including Basra, Greece and France.  They endured the hardship of war – disease, mustard gas and the horror of trench warfare and are buried in France, Alexandria and Palestine. 
Research for this programme was by former Army Commandant Frank Reidy and presenter/producer Mairéad Uí Chuaig
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday 1st April at 1.10pm

______________
ARDTRÁTHNÓNA

Eagrán speisialta den chlár agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu, á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain 2 Aibreán ag 2.04pm

ARDTRÁTHNÓNA
Máirtín Tom Sheáinín presents a special edition of the programme to commemorate RTÉ Raidió na Gaeltachta ’s 35 years on air. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday 2nd April at 2.04pm 

____________________
OIDEAS & OIDHREACHT 
                                                         
Cloistear léachtaí, léitheoireachtaí filíochta agus imeachtaí cultúrtha ó cheithre chúige na tíre ar an gclár seo.  Craolfar eagrán comórtha den chlár anocht faoi RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu á chur i láthair agus á léiriú ag Seosamh Ó Cuaig.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain, 2 Aibreán ag 8pm

OIDEAS & OIDHREACHT
This culture and heritage series focuses on lectures, poetry readings and other cultural events from all four provinces.  Tonight’s programme commemorates RTÉ Raidió na Gaeltachta who are celebrating 35 years on air today.  The presenter/producer is Seosamh Ó Cuaig.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday 2nd April at 8pm 
 
__________________
SEARMANAIS NA CÁSCA

Craolfar searmanas na Páise beo ó Theach Pobail Chríost Rí i nGort a ‘Choirce, Tír Chonaill ag 3pm, Aoine an Chéasta.  Trí chuid atá sa cheiliúradh; liotúirge an bhriathair, adhradh na croise agus an chomaoineach.  Mar chuid de liotúirge an bhriathair tá cuntas Naomh Eoin ar pháis an Tiarna mar aon leis na hAchainní Móra.  Is é an tAthair Séan Ó Gallchóir an ceiliúraí.  Craolfar Aifreann na Cásca ón séipéal céanna maidin Domhnach Cásca
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Aoine an Chéasta, 6 Aibreán ag 3pm. Domhnach Cásca, 8 Aibreán ag 11.02am

SEARMANAIS NA CÁSCA
Easter ceremonies will be broadcast live from Teach Pobail Chríost Rí, Gort a ‘Choirce, Tír Chonaill, commencing on Good Friday at 3pm.  The celebration is in three parts – liturgy, including adoration of the cross and Communion.  The celebrant is Fr Séan Ó Gallchóir.  Easter Sunday Mass will be broadcast from the same church at 11.02am.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Good Friday, 6th April at 3pm.  Easter Sunday, 8th April at 11.02am.