Psychological Service: 26 Feb 2009: Written answers (KildareStreet.com) moladh molta

KildareStreet.com

Written answers

Thursday, 26 February 2009

Department of Education and Science

Psychological Service

5:00 pm

Cartier santos katsellaiv>

Photo of Seán SherlockSeán Sherlock (Cork East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 36: To ask the Minister for Education and Science, further to Parliamentary Question No. 240 of 13 November 2008, his views on expanding the role of the National Educational Psychological Service to include assessing children to determine their eligibility for concessions at third level; and if he will make a statement on the matter. [7903/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Minister, Department of Education and Science; Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Access to higher education for people with disabilities has increased in recent years. It is estimated that 4.2% of all new entrants to higher education have one or more disabilities [1]. While the majority of applicants to higher education with a disability receive an offer for entry to higher education through the normal CAO route and do not require any points concessions, it is important that these students have access to the appropriate assessment service.

The National Council for Special Education has responsibility for developing disability services to students in primary and secondary level education. Therefore a majority of students with a disability will have been assessed prior to entry into higher education. Access and disability staff in higher education institutions will assist in whatever way they can to ensure that those who have not been assessed have access to the relevant services.

A report from the Higher Education Authority in 2005 (Progressing the Action Plan: Funding to achieve equity of access to higher education) recommended that a model for a regionally-based service should be developed to ensure that all students enrolling in higher education have access to a needs assessment service. Following this recommendation a project, led by Athlone Institute of Technology, was approved funding from the Strategic Innovation Fund for the development of a Needs Assessment Centre which would cater for the assessment needs of people with disabilities. This project is currently being implemented.

In relation to the expansion of the National Educational Psychological Service (NEPS) the Deputy will be aware that all primary and post primary schools have access to psychological assessments either directly through my Department's National Educational Psychological Service (NEPS) or through the Scheme for Commissioning Psychological Assessments (SCPA) which is administered by NEPS. He will also be aware that I was pleased to announce recently, in the context of Budget 2009, an increase in the funding available to NEPS with which it is envisaged that up to 50 further psychologists can be appointed. The primary focus of NEPS is on early intervention strategies to leverage maximum benefit for students, particularly those with special needs. It is envisaged that this expansion in NEPS psychologists will be used in the first instance to ensure that a NEPS psychologist is assigned to every primary and post-primary school and that a level of enhancement of service will be afforded to Special Needs Units and schools.

In addition, the NEPS service provides recommendations to the State Examinations Commission on applications for reasonable accommodations under the RACE scheme for over 3,000 Leaving Certificate students annually.

[1] HEA. Higher Education Key Facts and Figures 2007/08. Figure based on the response rate of 26 higher education institutions via the Equal Access Data Collection process.

An Béaltriail Ghaeilge.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 37: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil moltaí faighte aige ón CNCM i dtaobh chur i bhfeidhm struchtúir nua don bhéaltriail Ghaeilge i scrúdú na hardteistiméireachta agus an teastais shóisearaigh; má tá, an bhfuil impleachtaí sna moltaí sin do na hathruithe atá molta sa chóras marcála don Ghaeilge sna scrúduithe sin atá le cur i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair 2009 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7892/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Minister, Department of Education and Science; Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táim tar éis moladh na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a fháil maidir le himpleachtaí an chinnidh na marcanna don bhéaltriail i nGaeilge insna scrúduithe teastais a mhéadú go dtí 40% do na hiontrálaithe nua uile a thosaigh a gcuid iarbhunscolaíochta i 2007. Ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, níl athruithe sa siollabas molta os rud é go gcuireann an clár béim láidir ar labhairt na teanga agus ar inniúlacht chumarsáide. Tá roinnt athruithe molta i bhformáid na scrúdaithe. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag iniúchadh an mholta seo agus tá sé ag ullmhú sonraíochta athbhreithnithe don bhéaltriail dheonach, agus ag ullmhú páipéar samplach athbhreithnithe lena n-eisiúint do scoileanna ag tosach na scoilbhliana 2009/10.

Ag leibhéal na hArdteistiméireachta, táthar tar éis moladh na Comhairle a fháil chomh maith. Tá athruithe ar fhormáid agus ar fhad na scrúduithe molta agus tá an Chomhairle ag coinne le hathruithe sa siollabas a bheith ag teastáil chomh maith. Tá obair ag dul ar aghaidh ar an siollabas laistigh de struchtúir na Comhairle faoi láthair le súil go mbeidh sí críochnaithe ag deireadh Bhealtaine 2009. Beidh feidhm ag na hathruithe seo ag scrúdú na hArdteistiméireachta 2012.

Tríd is tríd, tá cúraim áirithe curtha in iúl ag an gComhairle maidir leis an ualú athraithe don mheasúnú béil, cluastuisceana agus scríofa, cúraim a bhain leis an ualú seo gan a bheith i gcomhréir leis na nuatheangacha eile ar an gcuraclam ná leis an gcleachtas idirnáisiúnta. Tá raon tuairiscí, áfach, tar éis béim a chur ar an riachtanas le bearta suntasacha a chur i gcrích chun láidriú le húsáid na Gaeilge chun críoch cumarsáide insan phobal. Níl aon easpa fianaise ann go mbíonn tionchar mór ag an saghas measúnaithe atá ann ar an rud a mhúintear agus ar an mbealach ina múintear é insna scoileanna, agus ba cheart go misneodh na marcanna méadaithe do na béiltrialacha béim níos mó ar inniúlacht bhéil sa rangsheomra. Táthar tar éis seirbhís tacaíochta a bhunú chun cabhrú le scoileanna agus iad ag cur na modhanna athbhreithnithe do mhúineadh na Gaeilge i bhfeidhm.

Creidim go bhfuil sé riachtanach go mbeadh athruithe measúnaithe ann chun athrú béime i dtreo na Gaeilge mar theanga labhartha a chur chun cinn, má táimid chun an Ghaeilge a choinneáil mar theanga beo pobail. Pléifidh oifigigh de chuid mo Roinne na ceisteanna atá ardaithe a thuilleadh leis an gComhairle agus le Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.


moladh molta

falske rolex ure
Longines Uhren Preisliste
hublot big bang all black
macasamhail Longines hydroconquest
billiga klockor till salu

Staid an Aontais 2016: Ionsar Eoraip níos fearr — an Eoraip sin a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn

Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2016

[AN LEAGAN ÚDARAITHE]



A Uachtaráin Uasail,

A Chomhaltaí Onóracha Pharlaimint na hEorpa,

Sheas mé os bhur gcomhair anseo, tá bliain ó shin, agus dúirt mé libh nár shlán do staid an Aontais. Dúirt mé libh nach leor a bhfuil den Eorpachas san Aontas seo. Dúirt mé libh nach leor a bhfuil den aontas san Aontas seo.

Ní hé is áil liom anois a rá libh go bhfuil gach uile ní ina cheart arís.

Óir níl.

Bímis ionraic agus an scéal seo á scrúdú againn.

Tá an tAontas Eorpach seo againne, nó codanna de ar a laghad ar bith, i gcruachás.

I gcaitheamh an tsamhraidh, d'éist mé go cúramach lena raibh le rá ag feisirí na Parlaiminte seo, le feisirí de chuid na bparlaimintí náisiúnta, le hionadaithe rialtais, agus le gnáthshaoránaigh na hEorpa agus iad ag roinnt a gcuid tuairimí liom.

Tá roinnt déaga de bhlianta feicthe faoin tráth seo agam den chomhtháthú Eorpach. Is iomaí buaicphointe a chonaic mé in imeacht an ama sin. Dar ndóigh, chonaic mé an drochuair freisin agus mo sháith den ghéarchéim.

Ach le mo bheo, ní fhaca mé a bhfeicim anois – a laghad sin de Bhallstáit an Aontais a bheith ar aon fhocal le chéile. A laghad sin réimsí ina bhfuil siad sásta comhar a dhéanamh le chéile.

Le mo bheo, níor chuala mé a oiread sin de cheannairí an Aontais agus gan aghaidh a gcuid cainte acu ach ar a gcuid fadhbanna féin sa bhaile agus gan de thrácht acu ar an Eoraip ach cuid an bheagáin más ar chor ar bith é.

Le mo bheo, ní fhaca mé ionadaithe na n-institiúidí Eorpacha agus tosaíochtaí difriúla á leagan síos acu agus sin ar uairibh ag dul glan i gcoinne rialtais agus pharlaimintí na mBallstát. Tá sé mar a bheadh an tAontas Eorpach agus príomhchathracha na mBallstát ag fiaradh ó chéile.

Le mo bheo, ní fhaca mé rialtais na mBallstát lagaithe chomh mór ag fórsaí an phobalachais ná chomh cróilí ag faitíos a gcloíte tráth toghcháin.

Le mo bheo, ní fhaca mé a oiread sin den oirneachadh agus a laghad sin den tarraingt le chéile san Aontas.

Fágann sin nach mór dúinn rogha thábhachtach a dhéanamh.

An ngéillfimid don fhrustrachas sin nach furasta a chloí? An ngéillimid, mar phobal, don lagar spride? An é gur mian linn go sceithfeadh snáth an Aontais os comhair ár súl?

Nó an é is cóir dúinn a rá: nach é seo an tráth is ceart dúinn sinn féin a stuamú? Nach é seo an tráth is ceart dúinn na muinchillí a chnapadh agus gan dhá leath a dhéanamh dár ndícheall? Nach é seo an tráth is géire a dteastaíonn cinnireacht thiomanta san Eoraip, seachas polaiteoirí nach áil leo ach an longbhriseadh?

Ní mór dúinn, agus sinn i mbun marana ar Staid an Aontais, tús áite a thabhairt don réalachas agus don rí-ionracas.

Ar an gcéad dul síos, is ceart dúinn a admháil go bhfuil líon mór fadhbanna againn san Eoraip agus iad fós gan réiteach. Níl gar a shéanadh.

Ráta ard dífhostaíochta, éagothroime shóisialta, fiachas poiblí go barra bachall, an mórdhúshlán a bhaineann le dídeanaithe a imeascadh sa tsochaí, mar aon leis na bagairtí tromchúiseacha slándála i gcóngar is i gcéin – níl aon Bhallstát de chuid an Aontais nár fhág na nithe sin – géarchéim na linne seo – a lorg féin orthu.

Go deimhin, féach go fiú go bhfuil ceann de na Ballstáit ag imeacht uainn – scéal nach soirbh.

Ar an dara dul síos, ná dearmadaimis go bhfuiltear ag faire orainn as ceithre hairde an domhain.

Níl ann ach go bhfuil mé tagtha ar ais ó chruinniú den G20 sa tSín. Seacht n-áit atá ag an Eoraip ag bord an chruinnithe thábhachtaigh dhomhanda sin. Ach ina ainneoin sin, ba theirce líon na gceisteanna sin a rabhthas ar aon fhocal ina dtaobh ná a líon siúd a cuireadh.

An mbeidh sé ar chumas na hEorpa comhaontuithe trádála a réiteach agus caighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an domhain a mhúnlú?

An bhfuil téarnamh i ndán do gheilleagar na hEorpa nó an cuibhrithe ag fás íseal agus ag boilsciú íseal a fhanfaidh sé go ceann deich mbliana eile?

An mbeidh an Eoraip fós ar thús cadhnaíochta sa chomhrac ar son chearta an duine agus ar son luachanna bunúsacha?

An labhróidh an Eoraip amach, d'aon ghuth, agus an tsláine chríochach i mbaol, de shárú ar an dlí idirnáisiúnta?

Nó an imeoidh an Eoraip den ardán idirnáisiúnta agus an faoi dhream éigin eile a fhágfar múnlú an domhain?

Tá a fhios agam go bhfuil sibhse, a mhuintir an Tí seo, breá sásta freagraí soiléire a thabhairt ar na ceisteanna sin. Ach ní leor na briathra in éagmais na mbeart le chéile. Óir in éagmais na mbeart, ní bheidh sa chuid eile ach briathra a théann le gaoth. Ní fhágfar lorg go deo ar chúrsaí idirnáisiúnta más taobh le briathra atáthar.

Ar an tríú dul síos, ní mór dúinn a admháil nach féidir linn na fadhbanna seo go léir a réiteach trí óráid eile fós a thabhairt. Ná trí chruinniú mullaigh eile fós a ghairm.

Ní i Stáit Aontaithe Mheiriceá atáthar, áit a ndíríonn an tUachtarán a óráid faoi Staid an Aontais ar an dá Chomhdháil, agus a dtugann na milliúin saoránach éisteacht aireach do gach focal dá dtagann as a bhéal.

Ní hea óir féach gur rí-léir ar Staid an Aontais seo againne a neamhiomláine atá an tAontas seo. Ag labhairt le Parlaimint na hEorpa atá mé inniu. Agus Dé hAoine seo chugainn, buailfidh mé le ceannairí stáit an Aontais sa Bhratasláiv.

Dá bhrí sin, ní leor dom an gháir mholta uaibhse inniu agus neamhshuim a dhéanamh dá mbeidh le rá ag na ceannairí náisiúnta Dé hAoine. Agus ní fhéadaim triall ar an mBratasláiv agus teachtaireacht eile seachas mar a bhí agam anseo daoibhse inniu i mo phóca thíos. Ní mór dom a chur san áireamh an dá leibhéal sin den daonlathas atá againn san Aontas seo againne, dhá leibhéal arb ionann tábhacht dóibh.

Ní sinne Stáit Aontaithe na hEorpa. Is casta go mór ná sin an tAontas Eorpach. An té a dhéanfadh neamhshuim den chastacht sin, thabharfadh sé sinn ar ród an réitigh chontráilte.

Mura dtugtar óráidí, ina dtacófar lenár dtogra coiteann, ní hé amháin sa Teach oirirc seo ach i ngach parlaimint i ngach Ballstát, níl aon rath i ndán don Eoraip.

Mura saothraímid uile ar son na haontachta agus na comhchoitiantachta, agus mura ligimid i ndearmad an t-éad agus an iomaidh a bhíonn ag na hinniúlachtaí agus na hinstitiúidí le chéile, níl aon rath i ndán don Eoraip. Nó go ndéanaimid sin, ní comhar go dtí é. Nó go ndéanaimid sin, ní thig leis an Eoraip a bheith níos tréine agus níos fearr ná mar atá sí inniu. Nó go ndéanaimid sin, ní bheidh ceannairí na n-institiúidí Eorpacha agus na rialtas náisiúnta in ann iontaoibh na saoránach a thuilleamh arís sa togra coiteann seo againne.

Tá muintir na hEorpa tinn tuirseach den díospóid gan deireadh, den chlampar gan chríoch, agus den chocaireacht le chéile.

Réiteach réadúil ar na fadhbanna fíora atá le sárú ag an Aontas – sin é atá ó mhuintir na hEorpa. Agus ní leor leo gealltanais, rúin ná conclúidí ag cruinnithe mullaigh. Is rómhinic a leithéidí cloiste agus feicthe cheana acu.

Cinntí comhchoiteanna maille le cur i ngníomh sciobtha éifeachtúil – sin é atá ó mhuintir na hEorpa.

Fís fhadtréimhseach atá de dhíth. Leagfaidh an Coimisiún Eorpach amach an fhís sin don am atá le teacht i bPáipéar Bán i Márta na bliana seo chugainn, 2017, in am do chomóradh na dtrí scór bliain go ham sin ó síníodh Conarthaí na Róimhe. Díreofar ar an gcaoi a neartófar ár n-aontacht eacnamaíoch agus airgeadais (EMU). Agus cuirfear san áireamh freisin na dúshláin a bheidh le sárú ag Aontas na 27 mBallstát i réimse na polaitíochta agus an daonlathais san aimsir seo romhainn. Agus dar ndóigh, beidh dlúthbhaint ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta leis an obair sin.

Ach ní leor fís. Is géire a theastaíonn lucht rialtais ó na saoránaigh. Lucht rialtais a rachaidh i ngleic le dúshláin na linne.

Is iomaí snáth i dtéad na hEorpa – ach ní tarraing na téide sin go tarraingt na téide sin san aon treo: institiúidí an Aontais, maille le rialtais agus parlaimintí na mBallstát araon. Ní mór dúinn a léiriú an athuair gur féidir sin a dhéanamh, i réimsí áirithe inar práinní teacht ar réiteach comhchoiteann.

Dá bhrí sin, molaim clár oibre dearfach ar a mbeidh sraith de ghníomhaíochtaí nithiúla Eorpacha a dhéanfar as seo go ceann 12 mhí.

Óir creidim gur cinntitheach an tréimhse iad an 12 mhí atá romhainn más uainn an tAontas a athaontú. Más uainn an deighilt thubaisteach a dʼéirigh idir Thoir agus Thiar le míonna beaga anuas a leigheas. Más uainn a léiriú go bhfuil sé de chumas ionainn gníomhú go pras agus go cinntitheach i dtaca le ceisteanna tábhachtacha. Más uainn a léiriú don domhan mór go dtuigeann an Eoraip fós an comhar agus an comhbheart.

Ní tráth faillí é.

Sheol mé litir agus an teachtaireacht seo inti chuig an Uachtarán Schulz agus chuig an bPríomh-Aire Fico ar maidin.

Is iad an 12 mhí seo atá romhainn tráth na cinniúna againn más uainn Eoraip níos fearr a chur ar bun:

Eoraip a dhéanann sinn a chosaint;

Eoraip a dhéanann dóigh bheatha na hEorpa a chaomhnú;

Eoraip a dhéanann ár gcuid saoránach a chumhachtú;

Eoraip a dhéanann sinn a chosaint i mbaile is i gcéin; agus

Eoraip atá freagrach.

 

EORAIP A CHAOMHNAÍONN AN DÓIGH BHEATHA EORPACH

Níl amhras dá laghad orm ach gur dóigh bheatha é dul an tsaoil anseo san Eoraip ar fiú é a chaomhnú.

Braithim go bhfuil dearmad déanta ag daoine go leor faoina bhfuil i gceist leis an Eorpachas.

Go bhfuil dearmad déanta acu ar a bhfuil i gceist le bheith páirteach san Aontas seo na nEorpach – a bhfuil i gcoitinne le chéile ag an bhfeirmeoir sa Liotuáin, ag an máthair aonair i Ságrab, ag an altra i Vaileite nó ag an mac léinn i Maastricht.

Ná dearmadtar an chúis a bhí ag náisiúin na hEorpa dul i gcomhar le chéile.

Ná dearmadtar an chúis a bhí acu siúd a sheas ar sráid i Vársá, Lá Bealtaine na bliana 2004, agus iad ag ceiliúradh na dlúthpháirtíochta.

Ná dearmadtar an chúis ar cuireadh bratach na hEorpa ar foluain go mórchúiseach in Puerta del Sol Lá Caille na bliana 1986.

 

Ná dearmadtar gur gníomhaí láidir í an Eoraip ar féidir léi aontú na Cipire a bhaint amach – cuspóir a bhfuil mo thacaíocht á tabhairt agam ina leith do bheirt cheannairí na Cipire.

Thar aon ní eile, is ionann an Eoraip agus an tsíocháin. Ní trí sheans a tharla sé gur le bunú na gComhphobal Eorpach a thosaigh an tréimhse is faide síocháin i stair na hEorpa ó tosaíodh ar a breacadh.

70 bliain den bhuansíocháin san Eoraip. Tráth a bhfuil dhá scór coinbhleacht armtha ar siúl ar domhan agus 170 000 duine á gcailleadh dá ndeasca in aghaidh na bliana.

Dar ndóigh, éiríonn eadrainn féin i gcónaí. Go deimhin, is minic linn fós an chonspóid. Scaití eile, bímid ag troid le chéile. Ach ní bhíonn ann riamh ach briatharchath. Ní sna trinsí ach ag bord a shocraímid achrann.

Is de dhlúth agus d'inneach dhul an tsaoil san Eoraip ár gcuid luachanna:

an tsíocháin, an daonlathas agus an smacht reachta. Luachanna iad sin ar troideadh ar a son ar chlár an chatha agus ar dhás na díospóireachta.

Sinne Eorpaigh, ní ghlacfaimid go brách le hoibrithe Polannacha a bheith á gciapadh, á ngleadhradh nó go fiú á ndúnmharú ar shráideanna Harlow. Ach an oiread leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe agus an chiníochais, is bunluach eile de chuid na hEorpa í saorghluaiseacht oibrithe.

Sinne Eorpaigh, seasaimid go docht in éadan phionós an bháis. Óir creidimid sa luach a leagtar ar bheatha an duine agus tugaimid urraim dá réir don áitiús sin.

Sinne Eorpaigh, creidimid freisin i gcóras neamhspleách éifeachtach dlí agus cirt. Is féidir súil a choinneáil ar rialtais, ar ghnólachtaí agus ar dhaoine ach na cúirteanna a bheith neamhspleách. Ach an córas dlí agus cirt a bheith éifeachtach, is féidir fás eacnamaíoch a chothú agus cearta bunúsacha a chosaint. Is ar an ábhar sin a dhéantar an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn san Eoraip.

Is den Eorpachas freisin fáilte a chur roimh ár gcomharsana agus trádáil a dhéanamh leo seachas dul chun cogaidh leo. Is de freisin gur sinn an bloc trádála is mó ar domhan; tá socruithe trádála daingnithe nó á ndaingniú againn le breis agus 140 comhpháirtí ar fud na cruinne.

 

Agus is ionann trádáil a bheith ann agus poist a bheith ann – in aghaidh gach €1 bhilliún a onnmhairímid, cruthaítear 14 000 post eile ar fud an Aontais Eorpaigh. Agus tá breis agus 30 milliún post, 1 as gach 7 bpost san Aontas Eorpach, ag braith ar an méid a onnmhairímid chuig an gcuid eile den domhan.

Sin é an fáth a bhfuil an Eoraip ag féachaint le margaí a oscailt le Ceanada, ceann de na comhpháirtithe is dlúithe dá bhfuil againn. Tá meas againn araon ar na leasanna agus luachanna céanna. Tugaimid urraim araon don smacht reachta, agus tuigimid araon an éagsúlacht chultúrtha. Is é an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada an comhaontú trádála is fearr agus is forásaí dár chuir an tAontas Eorpach i gcrích riamh. Agus rachaidh mise i gcomhar libhse agus leis na Ballstáit go léir ionas go ndaingneofar an comhaontú sin a luaithe is féidir.

Sinne Eorpaigh, tá sé de cheart againn go dtabharfaí cosaint dár gcuid sonraí pearsanta le dlíthe tréana Eorpacha. Óir ní maith le muintir na hEorpa dróin a bheith san aer os a gcionn ag taifeadadh gach cor dá gcuirimid dínn ná gnólachtaí a bheith ag stóráil gach clic luchóige dá ndéanaimid. Sin é an fáth ar chomhaontaigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, i mBealtaine na bliana seo, rialachán comhchoiteann Eorpach maidir le cosaint sonraí. Dlí téagartha Eorpach é sin a bhfuil feidhm aige is cuma cá háit a mbeidh gnólacht lonnaithe nó cá huair a bheidh do chuid sonraí á bpróiseáil acu. Óir is mór againn san Eoraip an príobháideachas. Ceist í a bhaineann le dínit an duine.

Is den Eorpachas cothrom iomaíochta a bheith ann.

Sin é le rá go mbeadh an pá céanna, as an obair chéanna, san áit chéanna, le fáil ag cách. Ceist í a bhaineann leis an gceartas sóisialta. Agus is ar an gcúis sin a thacaíonn an Coimisiún leis an togra don Treoir maidir le hOibrithe a Phostú. Ní áit é an margadh inmheánach ina gceadófar dúshaothrú a dhéanamh ar oibrithe as oirthear na hEorpa nó ina nglacfar le hísealchaighdeáin shóisialta ina leith. Ní hí an Eoraip an tIarthar Fiáin, ní hí – ach geilleagar sóisialta margaidh.

Is ionann cothrom iomaíochta a bheith ann agus tomhaltóirí na hEorpa a chosaint ar chairtéil, agus ar sháruithe ag mórghnólachtaí. Is ionann é agus a chinntiú nach mór do gach gnólacht, idir mhór is mhion, cáin a íoc san áit sin a dtuilleann sé a chuid brabúis. Áirím ansin an mórghnólacht Apple fiú más mó a luach margaidh ná olltáirgeacht intíre 165 de thíortha an domhain. San Eoraip, níl aon ghlacadh againn leis go dtabharfaí socrú speisialta do ghnólachtaí cumhachtacha i dtaca lena gcuid cánach.

Ní hé an ráta cánach atá in Éirinn is cás linn. Tá sé de cheart flaithiúnta ag Éirinn a rogha ráta cánach a shocrú. Ach níl sé ceart, cóir, ná cothrom go mbeadh cead ag gnólacht a chuid cánach a imghabháil nuair a d'fhéadfaí an t-airgead sin a chaitheamh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí in Éirinn, ar ospidéil agus ar scoileanna. Déanann an Coimisiún deimhin de gur ann don chothrom sin. Sampla é an méid sin den ghné shóisialta de dhlí na hiomaíochta. Sampla é an méid sin den rud dá seasann an Eoraip.

Is de dhlúth agus d'inneach na hEorpa go mbeadh cultúr againn a chosnaíonn ár gcuid oibrithe agus ár gcuid tionscal sa saol domhandaithe seo. Fearacht na mílte sin ar baol dóibh a gcuid oibre a chailleadh i nGosselies na Beilge, is i ngeall ar an Aontas Eorpach a bheidh ar an ngnólacht atá i gceist dul i mbun comhrá ceart sóisialta leis na hoibrithe. Dar ndóigh, beidh an dlúthpháirtíocht Eorpach agus cistí an Aontais Eorpaigh le fáil ag na hoibrithe sin agus ag na húdaráis áitiúla.

Mar gur Eorpaigh sinn, seasfaimid an fód ar son thionscal na cruach. Tá 37 mbeart frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais tugtha isteach againn chun tionscal na cruach a chosaint ar an iomaíocht mhíchothrom. Ach ní mór níos mó a dhéanamh ó tharla go bhfuil an rótháirgeacht atá ar siúl in áiteanna áirithe sa domhan ag cur táirgeoirí san Eoraip go tóin poill. Sin é an fáth a raibh mé sa tSín faoi dhó i mbliana chun fadhb na ró-acmhainne táirgeachta a phlé. Is ar an ábhar sin freisin a mhol an Coimisiún riail na dleachta níos lú a athrú. Leagann Stáit Aontaithe Mheiriceá taraifchuóta allmhairí 265 % ar chruach na Síne, ach anseo san Eoraip, tá blianta caite ag cuid de rialtais na mBallstát ag áiteamh gur ceart na taraifchuótaí a leagtar ar chruach na Síne a laghdú. Iarraim ar na Ballstáit go léir agus ar an bParlaimint seo tacú leis an gCoimisiún chun na hionstraimí cosanta trádála atá againn a neartú. Ná bímis inár saorthrádálaithe beaga saonta, ach déanaimis beart i gcoinne na dumpála chomh tréan céanna le Stáit Aontaithe Mheiriceá.

 

Cuid lárnach de dhul an tsaoil san Eoraip í earnáil na talmhaíochta agus ba mhaith liomsa í a chaomhnú. Ní loicfidh an Coimisiún go brách ar fheirmeoirí na hEorpa, go háirithe agus cúrsaí ag dul crua dóibh faoi mar atá i láthair na huaire. Buaileadh go dona earnáil na déiríochta anuraidh i ngeall ar thoirmeasc na Rúiseach. Is ar an gcúis sin a chuir an Coimisiún €1 bhilliún de thacaíocht ar fáil chun cuidiú le feirmeoirí déiríochta seasamh ar a mboinn arís. Rinneadh amhlaidh mar nach bhfuil aon ghlacadh agamsa leis gur saoire bainne ná uisce.

 

Is fíor a rá i gcás ár mbunáite gur den Eorpachas freisin an Euro. Le linn na géarchéime airgeadais domhanda, níor chlis ar an euro ach chosain sé sinn ar éagobhsaíocht ba mheasa ná mar a chonacthas. Airgeadra mór de chuid an domhain é an euro a mbaineann leas eacnamaíoch mór millteach leis, leas ar minic i bhfolach é. Shábháil tíortha limistéar an Euro €50 billiún i mbliana ar a gcuid aisíocaíochtaí úis a bhuí le beartas airgeadais an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Sin €50 billiún le cois ag na hairí airgeadais le caitheamh, €50 billiún is ceart a infheistiú sa gheilleagar.

Tá cobhsaíocht an airgeadra seo againne á caomhnú ag Mario Draghi. Go deimhin, is mó atá ar siúl aige siúd ar son na fostaíochta agus an fháis ná mar atá ag go leor de na Ballstáit.

Níl gar a shéanadh: tharla géarchéim airgeadais nach bhfacthas a leithéid riamh agus is iad muintir na hEorpa atá thíos leis. Ach de dhéanta na fírinne, bíodh is gur ag 6.3 % ar an meán a bhí na heasnaimh phoiblí i limistéar an Euro in 2009, tá siad tite anois go leibhéal is ísle ná 2 %.

Le 3 bliana anuas, tá ionann agus 8 milliún duine eile tar éis fostaíocht a aimsiú. Milliún acu sa Spáinn, tír a bhfuil an-dul chun cinn fós á dhéanamh aici ó aimsir na géarchéime i leith.

Is mór an trua nach dtugtar seo uile chun cuimhne níos minice – go mór mór agus polaiteoirí tofa na hEorpa ag caint leis an bpobal.

Óir san Aontas neamhiomlán seo againne, níl aon chinnireacht Eorpach is féidir a chur in ionad na cinnireachta náisiúnta.

Ní mór do náisiúin na hEorpa an réasúnaíocht is bun leis an aontacht a chosaint. Ní thig le haon duine eile – ach leo féin –

sin a dhéanamh ar a son.

In ainneoin na héagsúlachta, tig linn fós a bheith aontaithe.

Ní ceart ná ní ceadmhach do náisiúin mhóra dhaonlathacha na hEorpa géilleadh do ráig an phobalachais.

Ní ceart ná ní ceadmhach don Eoraip cúbadh roimh an sceimhlitheoireacht.

Ní ceart sin – ní mór do na Ballstáit Eoraip nua a thógáil a dhéanfaidh sinn a chosaint. Agus ní mór dúinne, na hinstitiúidí Eorpacha, cuidiú leo an gealltanas sin a chur i gcrích.

 

EORAIP A CHUMHACHTAÍONN SINN

 Ní hé amháin gur ceart don Aontas Eorpach an dóigh bheatha Eorpach a chosaint, is ceart dó iad siúd a chleachtann an dóigh sin a chumhachtú.

Ní mór dúinn saothrú ar son na hEorpa sin a chumhachtaíonn a cuid saoránach agus a geilleagar, dhá ghné den saol comhaimseartha atá éirithe digiteach.

Níl aon ghné den saol comhaimseartha nach bhfuil na teicneolaíochtaí digiteacha agus na córais chumarsáide dhigiteacha ina lár.

Ní bhíonn de dhíth ach rochtain idirlín ardluais. Ní mór dúinn a bheith nasctha. Tá sin de dhíth ar an ngeilleagar. Tá sin de dhíth ar na daoine.

Agus ní mór dúinn infheistiú a dhéanamh sa nascacht sin láithreach bonn.

Sin é an fáth a bhfuil togra á bheartú ag an gCoimisiún i láthair na huaire maidir le margaí teileachumarsáide na hEorpa a leasú. Is mian linn creat nua dlíthiúil a chruthú a mheallfaidh agus a éascóidh infheistíochtaí sa nascacht.

 

Is ceart go mbeadh sé ar chumas gnólachtaí a gcuid infheistíochtaí san Eoraip as seo go ceann 20 bliain a phleanáil. Óir má infheistímid i ngréasáin nua agus i seirbhísí nua, cruthófar 1.3 mhilliún post, ar a laghad, as seo go ceann deich mbliana.

Is ceart go mbeadh buntáiste ag cách as an nascacht.

Sin é an fáth a bhfuil sé á bheartú ag an gCoimisiún go mbeadh lánúsáid á baint as 5G, an cúigiú glúin de na córais chumarsáide mhóibíleacha, ar fud an Aontais Eorpaigh faoi 2025. D'fhéadfaí 2 mhilliún post a chruthú san Aontas Eorpach dá bharr sin.

Má tá leas le bheith ag cách as an nascacht sin, is cóir gur cuma faoin áit a bhfuil siad ina gcónaí nó faoin méid atá á shaothrú acu.

Dá bhrí sin, molaimid go gcuirfí ar fáil faoin mbliain 2020 i ngach cathair agus baile beag san Eoraip – sna príomhionaid ina gcruinníonn an pobal – rochtain in aisce ar an idirlíon gan sreang.

Sa saol digiteach seo ina mairimid, ní mór an t-aos dána agus iad siúd ar cruthaitheoirí iad a chumhachtú agus cosaint a thabhairt dá saothar. Is iad an t-aos dána agus na cruthaitheoirí sméar mhullaigh an Aontais. Ní caitheamh aimsire ach gairm a mbíonn ar siúl acu. Is cuid de chultúr na hEorpa é.

Is mian liomsa go mbeadh iriseoirí, foilsitheoirí agus údair á n-íoc go cóir as a saothar, is cuma más i gceardlann nó sa seomra suite a chruthaítear é, más ar líne nó as líne a dháiltear é, más le hinneall cóipeála nó le hipearnasc idirlín a fhoilsítear é.

 

 

Sin é go díreach atá san ollchóiriú atá á bheartú againn inniu ar rialacha cóipchirt na hEorpa.

Bíonn níos mó ná an infheistíocht sa nascacht i gceist le cumhachtú an gheilleagair – bíonn cruthú na fostaíochta i gceist leis freisin.

Sin é an fáth nach mór don Eoraip infheistiú go mór san óige, iontu siúd atá ar thóir oibre, agus i ngnólachtaí nuathionscanta.

An plean infheistíochta don Eoraip, a bhfuil buiséad €315 bhilliún aige, a comhaontaíodh sa Pharlaimint seo tá 12 mhí ó shin,tá €116 bhilliún dʼinfheistíochtaí tiomsaithe aige — ón Laitvia go Lucsamburg — agus gan ach bliain caite, mar a deirim, ó cuireadh i ngníomh é.

Tugadh iasachtaí do bhreis agus 200 000 gnólacht beag agus nuathionscanta. Cuireadh fostaíocht ar fáil do bhreis agus 100 000 duine a bhuí leis an gCiste nua Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an t-eintiteas sin a mhol mise a chruthú, a cheap an Coimisiún, agus ar thacaigh sibhse i bParlaimint na hEorpa leis, agus a ghlac sibh gan aon ró-mhoill.

Agus cuirfimid tuilleadh leis inniu. Tá sé á mholadh againn inniu go ndúblófaí tréimhse an chiste agus go ndúblófaí freisin acmhainn airgeadais an chiste.

Má thacaíonn sibhse leis, cinnteoimid go gcuirfidh an ciste seo €500 billiún dʼinfheistíocht – leath trilliúin euro – ar fáil faoi 2020. Agus coinneoimid orainn ina dhiaidh sin go mbainimid amach €630 billiún faoi

2022. Dar ndóigh, ach na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh, éireoidh linn an sprioc sin a bhaint amach níos sciobtha.

I dteannta na n-iarrachtaí sin infheistíocht phríobháideach a mhealladh, ní mór dúinn timpeallacht chuí a chruthú inar féidir infheistíocht a dhéanamh.

 

Is fearr an bhail atá ar bhainc na hEorpa anois le hais mar a bhí 2 bhliain ó shin a bhuí leis na hiarrachtaí a rinne muidne, Eorpaigh, le chéile. Níl déanamh d'uireasa a cuid banc ag an Eoraip. Ach is deacair cobhsaíocht airgeadais a bheith ann más bunaithe go hiomlán, nach mór, ar chreidmheas ó na bainc a bhíonn an geilleagar. Ná ní chun leasa an ghnó a leithéid ach oiread, mar a chonacthas le linn na géarchéime airgeadais. Sin é an fáth ar rímhithid dúinn dlús a chur lenár saothar i dtaca le haontas na margaí caipitil. Tá treochlár nithiúil maidir leis seo á chur in bhur láthair ag an gCoimisiún inniu.

Is mó an teacht aniar a bheidh sa chóras airgeadais ach aontas margaí caipitil a bheith ann. Beidh fáil níos éasca agus níos éagsúla ag gnólachtaí ar mhaoiniú dá bharr. Abair go bhfuil gnólacht nuathionscanta san Fhionlainn ach nach féidir leis iasacht a fháil ón mbanc. Faoi mar atá an scéal faoi láthair, ní mórán de rogha atá ar fáil dó. Cuirfidh aontas na margaí caipitil rogha ríthábhachtach ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta maidir le foinsí maoiniúcháin – aingil ghnó, cistí caipitil fiontair, agus maoiniú ón margadh.

Gan ach sampla amháin a lua – chuireamar moladh i láthair beagnach bliain go ham seo a dhéanfaidh éascaíocht do bhainc iasachtaí a thabhairt. Ach é a chur i bhfeidhm, dʼfhéadfaí €100 billiún de mhaoiniú breise a chur ar fáil do ghnólachtaí an Aontais. Ná cuirimis, dá bhrí sin, a thuilleadh moille ar an scéal agus glactar láithreach leis an moladh.

Is fearr ná mar a tuaradh a d'éirigh leis an bplean infheistíochta Eorpach laistigh den Eoraip ionas go bhfuil sé i gceist anois againn é a chur ar fáil lasmuigh den Eoraip. Rud é sin a d'iarr go leor díobh féin agus de na Ballstáit.

Tá plean uaillmhianach infheistíochta á sheoladh againn inniu don Afraic agus do na tíortha atá lámh léi a bhféadfaí €44 bhilliún a thiomsú dá bharr. D'fhéadfaí an méid sin a ardú go €88 mbilliún ach na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh.

Is í an loighic chéanna, ar éirigh chomh maith léi i dtaca leis an bplean inmheánach infheistíochta, a bhaineann leis an bplean sin: úsáid a bhaint as maoiniú poiblí mar ráthú chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhealladh chun poist chearta a chruthú.

Beidh an méid sin ina chomhlánú ar an gcúnamh forbraíochta a thugaimid agus ina chuidiú chun dul i ngleic le ceann de na bunchúiseanna atá leis an imirce. Níl déanamh dá uireasa seo ó tharla go bhfuil an fás eacnamaíoch i dtíortha atá i mbéal forbartha ag an leibhéal is ísle ó 2003. Beidh an plean nua mar a bheadh téad tarrthála acu siúd a chaithfeadh, ina héagmais, aistir chontúirteacha a thabhairt orthu féin ar thóir saol níos fearr.

Bíodh is go ndéanaimid infheistíocht chun an saol a fheabhsú dóibh siúd atá lasmuigh den Aontas, ní mór dúinn chomh maith céanna infheistíocht a dhéanamh de fhreagairt ar ghéarchéimeanna daonnúla sa bhaile. Agus, thar aon ní eile, ní mór dúinn infheistiú sna daoine óga.

Ní fhéadaim ná ní leomhaim glacadh leis gurb í an Eoraip fós agus feasta mór-roinn na dífhostaíochta ag an óige.

Ní fhéadaim ná ní leomhaim glacadh leis go bhféadfaidís siúd a tháinig in inmhe ar cholbha na mílaoise – na mílaoisigh, nó Glúin Y, mar a thugtar orthu – go bhféadfaidís a bheith ar an gcéad ghlúin le 70 bliain anuas ba bhoichte ná a dtuismitheoirí.

Dar ndóigh, is ceist í sin a bhaineann, den chuid is mó, le rialtais na mBallstát. Ach tig leis an Aontas Eorpach tacú lena n-iarrachtaí. Sin é atá ar siúl againn leis an scéim Ráthaíocht don Aos Óg a seoladh 3 bliana ó shin. Chuir an Coimisiún seo agamsa feabhas ar éifeachtúlacht na scéime sin agus chuir sé dlús faoina cur i ngníomh. Go dtí seo, tá breis agus 9 milliún duine óg tar éis leas a bhaint as an gclár. Sin 9 milliún duine óg a fuair post nó printíseacht nó ar cuireadh oiliúint orthu mar gheall ar an Aontas Eorpach. Agus leanfaimid orainn leis an scéim ráthaíochta seo don aos óg ar fud na hEorpa, feabhsóimid scil-tacair na nEorpach óg seo, agus beimid ar fáil do na réigiúin agus do na daoine sin is mó atá i gcall cúnaimh.

 

Tá an méid sin ar siúl againn freisin i dtaca leis na cláir Erasmus. 5 mhilliún mac léinn atá tar éis leas a bhaint as na cláir sin. Tugann Erasmus an deis do dhaoine óga a bheith ag gluaiseacht, ag taisteal, ag obair, ag staidéar agus ag dul faoi oiliúint ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, faigheann duine as gach triúr mac léinn a ghlacann páirt in Erasmus+ tairiscint oibre ón gcomhlacht céanna sin inar cuireadh oiliúint orthu.

Ach is féidir tuilleadh a dhéanamh. Tá go leor daoine óga san Eoraip a bhfuil tuiscint acu ar fhreagrachtaí sóisialta agus a dteastaíonn uathu beart a dhéanamh ar son na sochaí agus an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn. Is féidir linn an deis a thabhairt dóibh sin a dhéanamh.

Is í an dlúthpháirtíocht a choinníonn an tAontas ina chéile.

16 huaire déag a luaitear an focal “dlúthpháirtíocht” sna conarthaí sin a shínigh agus a dhaingnigh Ballstáit an Aontais.

Fianaise bheo bheathach ar an dlúthpháirtíocht airgeadais é an buiséad Eorpach.

Ní gann don dlúthpháirtíocht sin tráth nach mór smachtbhannaí Eorpacha a chur i bhfeidhm le chéile nuair a sháraíonn an Rúis an dlí idirnáisiúnta.

Comhartha dlúthpháirtíochta é an euro.

Comhartha follasach dlúthpháirtíochta ag an saol mór é beartas forbartha an Aontais.

Maidir le bainistiú ghéarchéim na ndídeanaithe, tá an dlúthpháirtíocht le feiceáil ar deireadh againn. Táim suite de gur gá tuilleadh den dlúthpháirtíocht sin. Ach tuigim freisin gur de thoil dheona is ceart an dlúthpháirtíocht a thairiscint. Ón gcroí amach. Gan iarraidh gan achainí.

Tráth práinne is túisce, dar ndóigh, a léirítear an dlúthpháirtíocht.

Más sa Phortaingéil a tharla an loscadh sléibhe, is eitleáin de chuid na hIodáile a mhúch.

Más sa Rómáin a theip ar an leictreachas, is le gineadóirí de chuid na Sualainne a cuireadh ar siúl arís é.

Más sa Ghréig a tháinig na dídeanaithe i dtír, is i bpubaill de chuid na Slóvaice a chodail siad.

Is é an meon ceannann céanna sin a spreag an Coimisiún leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhunú inniu. Beidh daoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh in ann cabhair a thabhairt san áit is géire a díth, beidh siad in ann gníomhú le linn géarchéime mar a tharla le linn ghéarchéim na ndídeanaithe nó na gcreathanna talún san Iodáil.

Is mian liom go mbeidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach seo faoi lán seoil faoi dheireadh na bliana. Agus faoi 2020 go mbeidh an chéad 100 000 Eorpach óg tar éis páirt a ghlacadh ann.

Trí pháirt dheonach a ghlacadh sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, beidh na daoine óga sin in ann a gcuid scileanna a fhorbairt, agus obair agus taithí saoil a ghnóthú.

 

EORAIP A CHOSNAÍONN SINN

 An Eoraip sin a chaomhnaíonn sinn, is í freisin a chosnaíonn sinn – i mbaile is i gcéin.

Caithfimid sinn féin a chosaint ar an sceimhlitheoireacht.

Ó 2004 i leith, nuair a tharla buamáil Mhaidrid, chonacthas breis agus 30 ceann d'ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip – 14 acu sin le bliain anuas. Cuireadh breis agus 600 duine gan urchóid den saol i bPáras, sa Bhruiséil, in Nice, in Ansbach. Faoi mar a sheasamar leo siúd ina mbris, ní mór dúinne anois seasamh le chéile agus freagairt á tabhairt againn.

Na gníomhartha barbartha sin a chonacthas le blianta beaga anuas, léiríonn siad go glé dúinn arís an ní sin a bhfuilimid ag comhrac ar a shon – dul an tsaoil mar atá san Eoraip. Agus sinn i ngleic leis an gcuid sin is measa den daonnacht, ní mór dúinn a bheith dílis dúinn féin agus dár gcuid luachanna. Agus is éard muid féin sochaithe daonlathacha iolraíocha oscailte caoinfhulangacha.

Ach ní ceart dúinn an tslándáil a ligean uainn ar son na caoinfhulaingthe.

Sin é an fáth ar thug an Coimisiún tús áite don tslándáil ón gcéad lá – rinneamar coiriúlú san Aontas Eorpach ar an sceimhlitheoireacht agus ar throdaithe ón iasacht. Chuireamar crua ar úsáid arm tine agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. D'oibríomar i gcomhar le gnólachtaí idirlín chun bolscaireacht na sceimhlitheoirí a bhaint anuas den idirlíon, agus throideamar an radacú i scoileanna agus i bpríosúin na hEorpa.

Ach tá mórán fós gan déanamh.

Ní mór dúinn fios a bheith againn ina dtaobh siúd atá ag teacht thar teorainn isteach.

Sin é an fáth a ndéanfaimid teorainneacha an Aontais a chosaint leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach nuabhunaithe. Tá an méid sin á chur ar bhonn foirmiúil ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus gan ach 9 mí caite ó mhol an Coimisiún go ndéanfaí a leithéid. Cheana féin, tá breis agus 600 gníomhaire ag Frontex ar theorainn na Gréige leis an Tuirc agus os cionn 100 eile sa Bhulgáir. Is ceart d'institiúidí an Aontais Eorpaigh agus do na Ballstáit dlúthchomhar a dhéanamh le chéile agus cuidiú le cur ar bun na gníomhaireachta nua. Ba mhian liom 200 garda teorann breise, ar a laghad, mar aon le 50 feithicil eile a chur go teorainneacha seachtracha na Bulgáire ó Dheireadh Fómhair amach.

Cosnóimid teorainneacha an Aontais freisin le grinnrialuithe orthu siúd a thrasnaíonn na teorainneacha sin, rialuithe a ghlacfar faoi dheireadh na bliana seo. Aon uair a thiocfaidh duine isteach nó amach as an Aontas Eorpach, beidh taifead ann maidir le huair, áit agus fáth a theachta nó a imeachta.

Faoi mhí na Samhna, beidh molta againn córas Eorpach um fhaisnéis taistil – córas uathoibrithe lena gcinnfear cé dó a dtabharfar cead taistil go dtí an Eoraip. Ar an gcaoi sin, beidh a fhios againn – sula leaga siad cos ar úir Eorpa – cé atá chugainn.

Beidh feidhm againn go léir don fhaisnéis sin. Nach iomaí sin uair á chloisteáil againn le míonna beaga anuas go raibh an fhaisnéis ar fáil sa bhunachar sonraí i dtír amháin ach nár seoladh riamh í chuig na húdaráis sa tír eile sin a raibh ar a hacmhainn cor a chur sa scéal?

Is cuid den tslándáil teorann freisin tús áite a thabhairt do mhalartú faisnéise agus eolais. Chuige sin, neartófar Europol – an ghníomhaireacht Eorpach a thacaíonn le forghníomhú an dlí náisiúnta – trí thuilleadh acmhainní agus rochtain níos fearr ar bhunachair sonraí a thabhairt dó. Ní hacmhainn d'aonad frithsceimhlitheoireachta nach bhfuil fostaithe ann ach 60 an tacaíocht a bhíonn de dhíth 24/7 a chur ar fáil.

Eoraip a chosnaíonn leas na hEorpa thar teorainn amuigh.

 

Ní casta mar scéal é: tá an domhan ag méadú. Agus tá tábhacht na hEorpa ag laghdú.

I láthair na huaire, is Eorpaigh 8 % de dhaonra an domhain – faoi 20150, ní bheidh ionainn ach 5 % de. Faoin tráth sin, ní bheidh oiread agus ceann amháin de thíortha na hEorpa i measc na ngeilleagar is fearr ar domhan. Ach céard ba chor dúinn dá seasfaimis le chéile? Bheimis fós ar bharr an liosta.

Is é mian ár naimhde an tAontas a imeacht ina smidiríní.

Bheadh brabach na deighilte sin ag ár lucht iomaíochta.

I dteannta a chéile, agus mar sin amháin, a éireoidh linn an lámh a choinneáil in uachtar.

Mar sin féin, bíodh is nach miste leis an Eoraip a bheith ina “bogchumhacht” dhomhanda, seachnaímis an tsaontacht. Óir ní leor an bhogchumhacht i bhfianaise a chontúirtí le comharsanacht an Aontais, agus ó tharla an chontúirt sin ag dul i méid.

 

Breathnaímis ar chás an chogaidh bhrúidiúil sa tSiria. Is léir láithreach a iarmhairt sin ar an Eoraip – ionsaithe de chuid sceimhlitheoirí an Stáit Ioslamaigh i gcathracha na hEorpa. Ach cá bhfuil an tAontas, cá bhfuil na Ballstáit agus idirbheartaíocht maidir le socrú ar siúl?

Tá obair den scoth ar siúl ag Federica Mogherini, Ard-Ionadaí an Aontais agus Leas-Uachtarán de mo chuid. Ach níor mhór, i ndáiríre, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh a dhéanamh di, agus seirbhísí taidhleoireachta gach tíre, idir mhór agus mhion, a bheith ag feidhmiú tríthi, chun go mbeadh meáchan againn san idirbheartaíocht idirnáisiúnta. Is ar an gcúis sin a iarraim inniu go mbeadh straitéis Eorpach ann maidir leis an tSiria. Is ceart áit a thabhairt do Federica ag pé bord ag a ndéanfar todhchaí na Siria a phlé amach anseo. Ionas go bhféadfaidh an Eoraip cúnamh a thabhairt agus náisiún síochánta a chur ar bun arís sa tSiria, maille le sochaí shibhialta iolraíoch fulangach.

Ní mór don Eoraip í féin a neartú. Níl réimse inar géire a dhíth sin ná i réimse an bheartais cosanta.

Ní leor feasta ag an Eoraip a bheith ar cúlóg ar chumhacht mhíleata tíortha eile nó é a fhágáil faoin bhFrainc clú na hEorpa a chosaint i Mailí.

Ní mór dúinn freagracht a ghlacadh as ár leas féin agus as cosaint na dóighe beatha Eorpaí.

Le deich mbliana anuas, bhíomar páirteach i 30 ceann de mhisin shibhialta agus mhíleata, ón Afraic go dtí an Afganastáin. Ach is deacair dúinn feidhmiú go héifeachtach ceal struchtúr buan. Cuirtear moill ar oibríochtaí práinneacha. Agus misin chomhthreomhara ar siúl, féach go mbíonn ceanncheathrú dá chuid féin againn do gach ceann de na misin éagsúla fiú agus na misin chomhthreomhara sin ar siúl sa tír nó sa chathair chéanna. Tá sé in am ceanncheathrú amháin a bhunú le haghaidh oibríochtaí den chineál sin.

Is ceart dúinn freisin druidim i dtreo acmhainní comhchoiteanna míleata a bheith againn, agus, i gcásanna áirithe, iad a bheith i seilbh an Aontais Eorpaigh. Agus, dar ndóigh, sinn a bheith i gcomhláine iomlán le NATO.

Is furasta an bonn gnó atá lena leithéid a mhíniú. Fágtar costas idir €25 bhilliún agus €100 billiún sa bhliain ar an Eoraip, de réir na limistéar a bhíonn i gceist, mar go bhfuil easpa comhair ann i dtaca le cúrsaí cosanta. Nach iomaí sin rud eile a bhféadfaí an t-airgead sin a chaitheamh air?

Ní fál go haer a leithéid a dhéanamh. Tá cabhlach ilnáisiúnta aerthancaer á thiomsú againn. Déanaimis aithris ar an sampla sin.

Ní mór do thionscal cosanta na hEorpa an nuáil a tharraingt chuige más uaidh a bheith tréan. Sin é an fáth a bhfuil moladh déanta againn go gcuirfí ar bun, faoi dheireadh na bliana, Ciste Eorpach Cosanta chun borradh tarbhánta a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht.

De bhun Chonradh Liospóin, tugtar de chead do na Ballstáit sin ar mian leo a leithéid a gcuid acmhainní cosanta a thabhairt i gceann a chéile mar bhuan-chomhoibriú struchtúrtha. Sílim gur anois is mithid an deis seo a thapú. Is é mo dhóchas go mbeidh cruinniú na 27 mBallstát, a bheidh ar siúl sa Bhratasláiv i gceann cúpla lá, ar an gcéad chéim pholaitiúil sa phróiseas sin.

Óir is leis an gcomhar, agus leis sin amháin, a éireoidh leis an Eoraip í féin a chosaint i mbaile is i gcéin.

 

EORAIP ATÁ FREAGRACH

 Is le cúrsaí freagrachta a bhaineann an pointe deiridh agam. Freagracht a ghlacadh as an Eoraip seo a dhéanfaidh sinn a chosaint a chur ar bun.

Iarraim ar institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit go léir freagracht a ghlacadh as sin.

Ní mór dúinn an meon úd a deir gur leis an náisiún an rath ach gur leis an Aontas an mírath a chaitheamh uainn. Ina éagmais sin, ní beo don togra Eorpach.

Ní mór dúinn gan dearmad a dhéanamh ar chuspóir coiteann an Aontais. Iarraim, dá bhrí sin, ar gach aon duine de cheannairí na 27 mBallstát a thiocfaidh go dtí an Bhratasláiv smaoineamh ar thrí chúis, dar leo, a dteastaíonn an tAontas Eorpach. Trí ní ab áil leo freagracht a ghlacadh as a gcosaint. Trí ní a ndéanfaidh siad beart de réir a mbriathair ina leith go pras dá éis.

Tá an briathar gan beart dá éis ar cheann de na rudaí is mó a dtig leis an bonn a bhaint de cháil an Aontais. Féach Comhaontú Pháras, mar shampla. Is sinne, muintir na hEorpa, atá ar cheann an róid i dtaca le gníomhú ar son na haeráide. Is í an Eoraip is túisce a tháinig ar chomhaontú dlícheangailteach maidir leis an aeráid dhomhanda. Is í an Eoraip a chuir le chéile an mheitheal sin na huaillmhéine as ar eascair Comhaontú Pháras. Ach is í an Eoraip anois atá i sáinn maidir leis an dea-shampla a thabhairt agus a bheith ina measc siúd is túisce a dhéanfaidh an comhaontú a dhaingniú.

Iarraim ar na Ballstáit go léir agus ar an bParlaimint seo a bhfuil le déanamh agaibh a chur i gcrích – ní sna míonna beaga seo romhainn – ach sna seachtainí beaga seo romhainn. Ní foláir dúinn deifir a dhéanamh. Déanaimis Comhaontú Pháras a dhaingniú láithreach. Ní fál go haer a leithéid a dhéanamh. Leis an toil pholaitiúil a bhaineann. Le tionchar domhanda na hEorpa a bhaineann. Níor dhaingnigh go dtí seo é ach an Fhrainc, an Ostair, agus an Ungáir.

Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, iad féin, a bheith freagrach.

Tá iarrtha agam ar gach duine de mo chuid Coimisinéirí a bheith ar fáil, as seo go ceann coicíse, le Staid an Aontais a phlé i bparlaimintí na mBallstát sin is fearr eolas acu féin orthu. Ó chuir mé tús le mo théarma, tá mo chuid Coimisinéirí tar éis breis agus 350 cuairt a thabhairt ar na parlaimintí náisiúnta. Agus is mó anois is mian liom go ndéanfaidís amhlaidh feasta. Óir ní i gcoinne na mBallstát ach i gcomhar leo is féidir an Eoraip a chruthú.

 

Ní mór dúinn freisin a bheith sách freagrach lena admháil go dtarlaíonn sé ó am go ham go mbíonn cinntí ann nach fúinne iad a dhéanamh. Níl sé ceart go mbíonn ar an bParlaimint agus ar an gComhairle brú a chur ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh cé acu an cóir nó nach cóir cosc a chur ar ghliofasáit i luibhicídí, mar shampla, mar nach dtig leis na Ballstáit an cinneadh sin a dhéanamh ina measc féin.

 

Athrófar na rialacha seo – óir ní den daonlathas sin.

Ní mór don Choimisiún freagracht a ghlacadh trína bheith polaitiúil seachas teicnealathach.

Cluas a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa. Cluas a thabhairt do na Ballstáit ar fad, cluas a thabhairt do na daoine – sin é an Coimisiún polaitiúil.

An chluas chéanna sin a thug ar an gCoimisiún an 100 togra sin a tharraingt siar in imeacht an chéad 2 bhliain dá théarma, 80 % níos lú tograí a chur chun cinn le 5 bliana anuas, agus athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar iomlán na reachtaíochta sin ar ann di. Óir is trí dhíriú ar na réimsí sin inar féidir leis an Eoraip breisluach ceart agus torthaí fiúntacha a bhaint amach – agus ar an dóigh sin amháin – a bheifear in ann áit níos fearr agus níos iontaofa a dhéanamh den Eoraip.

Botúin theicnealathacha a chur ina gceart a thúisce a tharlaíonn siad – sin é an Coimisiún polaitiúil freisin. Tá cinneadh déanta i gcomhar le chéile ag an gCoimisiún, ag an bParlaimint, agus ag an gComhairle deireadh a chur le táillí fánaíochta móibíleacha. Gealltanas é sin a chuirfear i bhfeidhm. Ní do lucht gnó a chaitheann dhá lá thar lear a dhéanfar sin amháin. Ná dóibh siúd a chaitheann seachtain nó dhó ar saoire faoin ngréin. Ach dár gcuid oibrithe a théann thar teorainn isteach agus amach gach lá. Agus do na milliúin mac léinn Erasmus a chaitheann seimeastar nó dhó thar lear i mbun léinn. Dá réir sin, le linn an tsamhraidh, tharraing mé siar dréacht a d'ullmhaigh oifigeach de mo chuid, bíodh is go raibh a chroí san áit cheart. Ní raibh aon locht teicniúil ar an dréacht sin. Níl ann ach nár tuigeadh i gceart a raibh á ghealladh. Feicfear, dá bhrí sin, dréacht feabhsaithe an tseachtain seo chugainn. Is ceart gur cuma thú i gcóngar nó i gcéin agus tú ag fánaíocht.

Is é an Coimisiún polaitiúil céanna sin a cheadaíonn dúinn an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chur i bhfeidhm go stuama siosmaideach. Bhí tionchar ag teoiric le cruthú an Chomhshocraithe sin. Tá cur i bhfeidhm an Chomhshocraithe ina fhoirceadal ag daoine go leor. Tá sé mar a bheadh dogma ann ag daoine eile. Go teoiriciúil, is ceart pionós a ghearradh má sháraítear – de phointe deachúla amháin fiú – 60 % d'fhiachas Ballstáit. Ach go praiticiúil, ní mór cúis an fhiachais a scrúdú. Ní agairt ach araicis is dlite agus athchóiriú leanúnacha mar sin ar bun. Más uainn sin a bheith againn, ní mór polaiteoirí freagracha a bheith againn. Leanfar de chur i bhfeidhm an Chomhshocraithe, ní mar dhogma ach go stuama siosmaideach solúbtha de réir na rialacha sin an Chomhshocraithe lena n‑éascaítear an tsolúbthacht.

Ar deireadh thiar, is cuid den fhreagracht a bheith freagrach ina leith siúd a dhéanann sinn a thoghadh. Is ar an gcúis sin atáthar ag moladh go n-athrófaí an riail sheafóideach a chuireann oibleagáid ar Choimisinéirí éirí as a gcúraimí coimisinéireachta más áil leo seasamh i dtoghchán. Ní éiríonn Seansailéir na Gearmáine ná Príomh-Airí na Danmhairge, na hEastóine ná Phoblacht na Seice as a gcúraimí má sheasann siad i dtoghchán. Ní ceart go ndéanfadh Coimisinéirí amhlaidh ach oiread. Más uainn Coimisiún a bheith againn a fhreastalaíonn ar riachtanais an tsaoil mar atá, is ceart dúinn ugach a thabhairt do na Coimisinéirí an coinne sin is dual dóibh a dhéanamh leis an Daonlathas. Ní ceart sin a chosc.



    • An Ghaeilge á ruaigeadh chuig imeall na sochaí

      Posted on Eanáir 24, 2014 le Tuairisceoir

      0



      Nótaí Cainte; An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag an Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 23 Eanáir 2014, 2.15pm.

       A chathaoirligh agus a dhaoine uaisle,

      Ba mhaith liom buíochas a thabhairt daoibh as bhur gcuireadh teacht in bhur láthair inniu. Nuair a labhair mé le comhchoiste eile de chuid Thithe an Oireachtais i dtús na míosa seo caite, níor mheas mé go mbeinn ar ais anseo arís inniu ach is mór an onóir agus an phribhléid dom bhur gcuireadh a fháil. D’fhógair mé anseo i dtús mhí na Nollag go raibh cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga mí ón lá inniu, ar an 23 Feabhra, tráth a mbeidh 10 mbliana caite agam i mbun chúraimí na hOifige sin. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas ó chroí a thabhairt do gach duine a rinne teagmháil liom ó shin; is mór agam na teachtaireachtaí dea-mhéine ar fad a tháinig chugam go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

      Sula ndírím ar an phríomhábhar cainte anseo inniu – an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – ba mhaith liom na cúiseanna a ndearna mé an cinneadh seasamh siar ó bheith i mo Choimisinéir Teanga a chur faoi bhur mbráid. Go bunúsach, thuig mé i mo chroí istigh gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa tréimhse ama dhá bhliain a bheadh fágtha agam sa phost.

      Imeallú na teanga

      Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta.

      Tá dul chun cinn áirithe déanta le 10 mbliana anuas ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm – go speisialta maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht phoiblí, i stáiseanóireacht agus i bhfoilseacháin éagsúla. Tá méadú ar an tuiscint ar chearta teanga agus tá an Oifig s’againne ann mar thaca aige sin.

      Ach tá teorannú suntasach déanta ar an dul chun cinn a d’fhéadfadh a bheith i gceist de bharr na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht. Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an chóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í”. Tá breis agus dhá bhliain caite i mbun athbhreithniú ar an Acht Teanga ach, fós féin, níl an chéad chéim leis an Acht a leasú, is é sin, foilsiú ‘chinn an bhille’, tógtha fós. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur as seo go samhradh an sprioc nua d’fhoilsiú na leasuithe. Rinneadh cinneadh m’Oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am, ach arís agus níos mó ná dhá bhliain imithe, níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta ná faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé. Fógraíodh le linn na seachtaine seo caite go mbeadh an cónascadh sin déanta roimh Mheán Fómhair na bliana seo. Creidim nár tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán.

      Don té a chreideann gur cheart go mbeadh cearta teanga ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Mheas mé riamh nárbh fhéidir nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise. Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.

      Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann.

      An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.  Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart. Tá tús curtha anois le próiseas le Coimisinéir úr a cheapadh agus guím gach rath agus beannacht ar cibé duine a bheas mar chomharba agam.

      An Straitéis

      Tuigim go bhfuil fócas ar leith agaibhse mar Fhochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhfuil fonn oraibh go ndíreoinn cuid áirithe de mo chuid cainte ar an ábhar sin inniu.

      Ghlac mé páirt ghníomhach in ullmhú na Straitéise – d’fhoilsigh mé moltaí ar an ábhar agus chas mé leis an ghrúpa saineolaithe idirnáisiúnta a bhí curtha le chéile le comhairle a sholáthar i dtaca le dréachtú na Straitéise féin.

      Dúirt mé – agus mé ag seoladh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2008 – go bhféadfadh feidhmiú na Straitéise a bheith ar na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát. Ach thug mé an rabhadh an-soiléir seo fosta ag an am: “Tá sé tábhachtach nach ligfimis i ndearmad, áfach, nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í. Caithfidh aontú agus foilsiú na straitéise a bheith ina thús ar aistear nua seachas ina cheann scríbe.”

      Dúirt mé an bhliain ina dhiaidh sin go mbeadh sé riachtanach go gcuirfí tús éifeachtach agus gasta le cur i bhfeidhm iomlán na Straitéise agus mura raibh sin le tarlú, agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálacha inmholta roimhe sin, go mb’fhearr dá gcaithfí i leataobh láithreach í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaigh in áit focail mhilse, a dúirt mé ag an am.

      An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise.

      Féin-mheastóireacht amháin atá i gceist agus ón taithí atá agamsa agus ag m’Oifig le 10 mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéin-mheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara, ach os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise atá bunaithe ar thaighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta – go bhfuil bunús leis an fhrása “what gets measured, gets done!”  Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú.

      Ach is féidir le duine tuairim a bheith aige: seo ceann ó shaineolaí amháin.

      Bhí Seosamh Mac Donnacha as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar dhuine d’údair an taighde (le Conchúr Ó Giollagáin) ar a dtugtar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht – an saothar taighde a spreag an Straitéis.

      Agus é ag labhairt ag Tóstal na Gaeilge anuraidh, dúirt sé nach ann don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thuilleadh. “Tá a fhios agam go bhfuil cáipéis againn ar a dtugann muid an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ach ní ionann cáipéis agus Straitéis. Níl Straitéis bheo againn atá á cur i bhfeidhm ar bhealach seasmhach córasach…

      Bhí an méid seo le rá ag saineolaí eile, an Dr John Walsh, in eagrán na míosa seo den iris Comhar: “Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”. 

      Cáipéis mharbh

      “Cáipéis mharbh” a thug Seosamh Mac Donnacha ar an Straitéis agus dúirt sé freisin nach ann do Roinn na Gaeltachta níos mó  – “níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach…Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin;  agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge…”

      Ba é croí an scéil aige nach bhféadfadh fo-rannóg atá ag feidhmiú faoi na cúinsí sin a bhfuil fágtha den Ghaeltacht a tharrtháil ná a chaomhnú, agus nach bhfuil muid ach ag cur dallamullóg orainn féin má cheapann muid go bhféadfadh.

      Léirmheas duairc is ea é sin ach tá eagla orm, faraor, go bhfuil cuid mhór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a d’aontódh leis. Dúirt an scríbhneoir, Seosamh Mac Grianna, tráth go mbíonn an fhírinne searbh: “…ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.”

      Creidim féin, má tá rath le bheith air, gur gá go mbeadh an díospóireacht seo bunaithe ar an fhírinne, iomlán na fírinne agus an fhírinne amháin. Níor mhaith liom a bheith diúltach faoi seo ach creidim gur cheart i gcónaí tosú leis an staid réalaíoch seachas le ródhóchas bréige gan chúis. Níl ról ar bith ag grúpsmaointeoireacht i ngnó chomh tábhachtach le beatha teanga.

      Bunaithe ar fhigiúirí an daonáirimh ón bhliain 2002, dúradh in 2007 nach raibh fágtha ach idir 15-20 bliain ag an Ghaeilge mar phríomhtheanga bheo an phobail sna ceantair Ghaeltachta is láidre a bhí fágtha.  Ar ndóigh, mairfidh sí mar theanga agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deireanach. Ach is mór go deo idir sin agus í a bheith in uachtar mar theanga bheo an phobail agus a bheith á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna. Mar dhuine ar cás leis todhchaí na teanga agus na Gaeltachta agus mar dhuine a bhfuil formhór mór a shaoil caite aige ina chónaí sa Ghaeltacht, ní léir domsa go bhfuil mórán gníomhartha suntasacha ná céimeanna praiticiúla le dealramh tógtha ar an talamh le dul i ngleic le scála na géarchéime teanga sa Ghaeltacht ó foilsíodh an rabhadh rí-shoiléir sin seacht mbliana ó shin.

      Tic-Toc

      Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an Údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an Údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht  maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoina gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil.  Ach cúrsaí teanga, bhuel, sin scéal eile!

      Tá ceantair roghnaithe agus á roghnú le pleananna teanga a ullmhú: tabharfar dhá bhliain leis na pleananna sin a ullmhú agus seacht mbliana lena bhfeidhmiú. Ach idir an dá linn, tic-toc, tá an t-am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga. Nuair a fheicim an drochbhail atá fágtha ar chóras na bpleananna teanga nó na scéimeanna teanga do na heagrais stáit cheal feidhmiú éifeachtach, is deacair dom, faraor, aon mhuinín rómhór a bheith agam as an chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta.

      Go deimhin, tá mé go mór in amhras an gcreideann fiú na daoine sin a bhfuil cúram oifigiúil orthu i dtaca le feidhmiú na Straitéise agus na pleanála teanga ina gcroí féin go bhfuil aon seans dáiríre ann go mbeidh rath nó dea-thoradh go cinnte ar na beartais seo. Agus mura gcreideann an lucht ceannais féin é, bhuel, cinnte le Dia, níl mórán cúis ag aon duine eile é a chreidiúint: ní féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

       Acht agus Straitéis

      Maidir le háit na Gaeilge sa státchóras, bhí mé ag léamh tuairisce le gairid ó iar-státseirbhíseach sinsearach a dúirt go raibh, dar leis “growing evidence that there is a strategy afoot to do away with what’s left of Irish in the public life of the country.”

      Chaith Seán Mag Leannáin 15 bliana mar Phríomhoifigeach sa Státseirbhís go dtí gur éirigh sé as i mí na Nollag 2009. Dúirt sé:

      “The civil service establishment…are almost 100 per cent united in their view of Irish as an irritating thorn in the administration. The mandarins know there isn’t political consensus on the issue and they calculate that even to open a public debate on Irish would be to accord it a status it doesn’t deserve – far better to ignore it as if it didn’t exist and to starve the Official Languages Act of the resources to implement it. Let the whole thing wither on the vine…”

      Bhí an méid seo le rá aige freisin; “When the Official Languages Act was passed over 10 years ago the top civil servants adopted a minimalist, wait-and-see approach. They knew that without their active support the new legislation was never going to have much effect. But what started as passive inaction on their part now seems to have moved up a notch or two to one of active undermining.

      It reminds me of a phrase used by our President Michael D Higgins, speaking at the biennial Tóstal na Gaeilge conference in Galway in 2010, when he referred to those “for whom Irish was not half dead enough”.

      Sin dearcadh spéisiúil ó fhear misniúil a bhí i gcroílár an státchórais.

      Gealladh sa Straitéis go mbunófaí córais le méadú a chur ar fhoireann na seirbhíse poiblí atá in ann feidhmiú i nGaeilge. Thagair mé níos túisce don chóras nua le cur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ach feictear dom gur leor a rá libh gur léirigh taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua sin, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3%.

      Gealladh freisin ar leathanach 45 den Straitéis go sonródh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh. Foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2010 – sin breis agus trí bliana ó shin. Daingníodh 26 scéim teanga nua sna trí bliana ó shin agus go dtí seo níl oiread agus post amháin i scéim teanga amháin sonraithe go cinnte mar phost a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh!

      Ní miste a lua freisin go bhfuil oifigigh Ghaeilge nó daoine le cúram na teanga orthu ainmnithe ag na Ranna Rialtais éagsúla le freagracht a ghlacadh as feidhmiú an Achta Teanga agus as gníomhú mar theagmhálaithe le m’Oifigse.  Daoine cumasacha iad ar fad a oibríonn go dúthrachtach ach níl ach seisear as na sé dhuine dhéag (16) atá i gceist a bhfuil Gaeilge acu; tá deichniúir de na hoifigigh sin a bhfuil cúram na teanga orthu sna Ranna Rialtais nach bhfuil aon Ghaeilge acu féin.

      Fógraíodh sraith iomlán de phleananna agus de bheartais nua d’athchóiriú an státchórais an tseachtain seo caite; go bhfios dom ní luaitear na focail ‘teanga’, ‘Gaeilge’ ná ‘Gaeltacht’ oiread agus uair amháin sna cáipéisí sin.

       Oideachas

      Tá béim an-mhór sa Straitéis ar an Ghaeilge sa chóras oideachais. Agus fáiltím roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais sa Ghaeltacht.

      Ach, ag an am chéanna, cuireann sé imní mo chroí orm nuair a smaoiním ar an dearcadh oifigiúil a léirigh an Roinn chéanna le gairid le linn dhá imscrúdú fhoirmiúla a bhí ar siúl ag m’Oifig agus a bhain le gnéithe den oideachas sa Ghaeltacht.

      I gcás amháin rinne bunscoil Ghaeltachta gearán go raibh treoir á tabhairt ag an Roinn Oideachais dóibh múinteoir a cheapadh ó phainéal ar a raibh farasbarr múinteoirí, cé gur chreid na múinteoirí sin agus údaráis na scoile nach raibh dóthain Gaeilge ag aon duine acu le teagasc i scoil Ghaeltachta.

      Seo cúpla sampla fánach de na ríomhphoist a sheol na múinteoirí ón phainéal chuig údaráis na scoile:

      “…With respect to you, your principal and your pupils, I feel that my standard of Irish would not reach the requirement needed for a Gaeltacht school and Gaeltacht life in general…

      “… Chun an fhírinne a rá, táim beagáinín buartha faoi toisc gur Gaelscoil sibh agus go bhfuil cainteoirí dúchasacha ag freastal an scoil.”

         “Tá brón orm… níl go leor Gaeilge agam chun a bheith ag obair sa Gaeltacht.”

      “Unfortunately I don’t think I would be the best person for the job and I’m sure there’s someone on the panel with more experience in Gaelscoileanna and fluency with Irish than I have.”

      D’ainneoin sin – agus an fhíric go bhféadfadh Gaeilge níos fearr a bheith ag cuid de na daltaí ná na múinteoirí féin sa chás sin – chuir an Roinn argóintí dlíthiúla agus praiticiúla i láthair le léiriú nár ghá socrú ar leith a dhéanamh don Ghaeltacht agus go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír cáilithe le múineadh i scoil Ghaeltachta. Chinn mé, áfach, de bharr an imscrúdaithe sin go raibh forálacha éagsúla teanga de chuid an Achta Oideachais á sárú sa chás sin agus rinne mé moltaí dá réir sin.

      I gcás eile, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna argóintí dlíthiúla agus praiticiúla fosta nach raibh dualgas uirthi rogha a chur ar fáil le go bhféadfaí ábhair an churaclaim a theagasc trí Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta do dhaltaí scoile as ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre atá fágtha i dTír Chonaill.

      Tá sruth Gaeilge sa scoil go leibhéal an Teastais Shóisearaigh ach is beag duine a roghnaíonn é mar go mbeadh ar na daltaí a dteanga a athrú don dá bhliain is tábhachtaí – blianta na hArdteistiméireachta.  Léirigh an t-imscrúdú a rinne m’Oifig go raibh diúltú na Roinne oideachas trí Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta a sholáthar do dhaltaí Gaeltachta ag teacht salach ar a cuid dualgas faoin dlí agus, arís, tá moltaí déanta agam leis an scéal a leigheas.

      Tá mé cinnte go dtuigfidh sibh m’imní faoi ghné an oideachais den Straitéis i bhfianaise na gcásanna sin.

      Ach, ar ndóigh, is í bun agus barr na faidhbe againn nach bhfuil aon cheangal ceart déanta againn idir foghlaim agus úsáid na Gaeilge sa tír seo. Cuireann an Stát dualgas ar dhaltaí an teanga a fhoghlaim ach is minic ina dhiaidh sin a chuireann an Stát céanna cosc nó bac ar na daoine sin an teanga a úsáid ina ngnóthaí oifigiúla. Tá dícheangal nó cliseadh céille i gceist ansin.

       Páirtithe leasmhara

      Thrácht mé níos túisce ar an easpa monatóireacht neamhspleách atá le déanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Tá iarrachtaí á ndéanamh le tamall a éileamh go n-aithneofaí go hoifigiúil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar pháirtithe leasmhara trí ról a thabhairt dóibh i stiúradh na Straitéise 20 Bliain – ach ar chúis éigin tá sin á dhiúltú dóibh ag an státchóras. Is deacair sin a chreidiúint agus meabhraím arís nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

      Tá neart dordfhocal le cloisteáil ceart go leor faoi choistí idir-rannacha, cainteanna déthaobhacha agus pleananna forfheidhmithe ach an ionann sin agus gníomhartha praiticiúla, dearfacha?  Dúisíonn sé i m’intinn an scéal is deireanaí atá nochta ag an iriseoir Breandán Delap ó chomhaid na Cartlainne Náisiúnta faoin Riail 30 Bliain. D’aimsigh sé na cáipéisí oifigiúla a bhain leis an Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge a d’fhoilsigh an eagraíocht stáit Bord na Gaeilge i 1983 – cáipéis théagartha, shuntasach ba ea é inar leagadh amach spriocanna do gach gné den státchóras.

      I ndeireadh na dála, nuair a bhí ionchur na polaitíochta agus na Státseirbhíse curtha san áireamh, ní raibh fágtha den phlean uaillmhianach ach creatlach de choistí a bhí le bunú chun moltaí a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol phoiblí.

      Mheabhraigh sé don iriseoir an méid a bhí le rá ag Séamus Mallon faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta – gur “Sunningdale for slow learners” a bhí ann.  Plus ça change, plus c’est la même chose. Nár thrua dá mba í an chinniúint chéanna a bheadh i ndán don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?

      Agus mé ag ullmhú le teacht in bhur láthair anseo inniu, smaoinigh mé ar ráitis a rinne beirt dár laochra a bhásaigh anuraidh, go ndéana Dia grásta orthu – Nelson Mandela, a dúirt “If you talk to a man in a language he understands, that goes to his head. If you talk to him in his language, that goes to his heart.”

      Agus Seamus Heaney, a dúirt “Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future.  It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.”

      Tá rogha shimplí romhainn – féachaint siar ar an Ghaeilge mar theanga a chaill muid nó féachaint chun tosaigh agus í mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár bhflaitheas.  Ach deirim an méid seo go cinnte libh inniu anseo i dTithe an Oireachtais – gur le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo.

      Go raibh maith agaibh arís as bhur gcuireadh labhairt libh anseo inniu.

      CEANNLÍNTE LE 10 mBLIANA ANUAS:  2004 – 2014; 

       

      • Gearáin … 6,126 go dtí an 31 Nollaig 2013, (28% ón Ghaeltacht).
      • Bhain 23% de na gearáin le Ranna agus Oifigí Rialtais, 32% le húdaráis áitiúla, an chuid eile le réimse leathan eagraíochtaí stáit
      • 1,862 iarratas ar chomhairle i dtaca le dualgais teanga ó eagraíochtaí stáit
      • 96 imscrúdú foirmiúil seolta
      • 213 léirmheas/iniúchadh déanta ar scéimeanna teanga
      • 9 gcinn de thuarascálacha bliantúla agus ráitis iniúchta airgeadais foilsithe
      • 6 thuarascáil speisialta curtha i láthair Thithe an Oireachtais
      • Suíomh gréasáin forbartha mar ionad ilfhreastail i dtaca le gach a mbaineann le cearta agus dualgais teanga
      • Cairt Cearta Teanga foilsithe
      • Treoirleabhair ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe
      • Moltaí faoi leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe
      • Feachtais fógraíochta teilifíse ar chearta teanga eagraithe agus craolta
      • Acmhainn oideachais ar Chearta Teanga don chúrsa san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus
      • Polaitiúil (OSSP) sa Teastas Sóisearach forbartha agus scaipthe ar scoileanna
      • Ócáid cearta teanga i gcuimhne ar Mhaolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna eagraithe i nGaillimh
      • Páirtíocht in iliomad ócáidí i dtaca le forbairt feasachta ar chearta agus dualgais teanga
      • Léachtaí ar chearta teanga tugtha i mbeagnach gach institiúid oideachais tríú leibhéal in Éirinn
      • Cúnamh tugtha go rialta le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chearta agus ar dhualgais teanga
      • Comhairle agus traenáil curtha ar fáil tríd an OSCE do bhunú oifig coimisinéara teanga sa Chosaiv i gcomhar le Rialtas na Cosaive
      • Comhdháil idirnáisiúnta ar chearta teanga eagraithe i mBaile Átha Cliath
      • Réamhghníomhach i dtaca le Cumann Idirnáisiúnta do Choimisinéirí Teanga an domhain a bhunú.
      Posted in: Nuacht
      Be the first to start a conversation

      Freagra Cealaigh an freagra